Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl in Éirinn an 24 Bealtaine 2019. Tá saoránaigh na hÉireann agus saoránaigh eile AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn i dteideal vótáil ar choinníoll go gcláróidh siad roimh an spriocdháta, 14 lá roimh lá na vótála.
Ní mór do vótálaithe in Éirinn vóta a chaitheamh i stáisiún vótála ar leith bunaithe ar a seoladh baile.
Má tá tú cláraithe le vótáil, gheobhaidh tú cárta vótála ar a mbeidh scríofa seoladh an stáisiúin vótála inar féidir leat vótáil. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 7.00 go 22.00. Mura bhfuil do chárta vótála faighte agat, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil.
Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar: www.citizensinformation.ie/ga/government_in_ireland/elections_and_referenda/voting/
Tabhair cuairt ar www.checktheregister.ie chun a fháil amach an bhfuil tú cláraithe chun vótáil, agus i gcás nach bhfuil tú cláraithe, na foirmeacha a aimsiú chun iarratas ar chlárú a dhéanamh.
Is féidir, má tá tú i do chónaí in Éirinn ar bhonn buan ón 1 Meán Fómhair 2018. Ach ní mór duit clárú le vótáil faoin 7 Bealtaine ar a dhéanaí. (Más saoránach AE tú a bhfuil cónaí ort in Éirinn agus más mian leat clárú le vótáil in Éirinn, is féidir leat foirm EP1 a íoslódáil ó checktheregister.ie chun d'ainm a chur le Clár na dToghthóirí.)
Tá trí thoghlach in Éirinn: Baile Átha Cliath; Lár Tíre agus an tIarthuaisceart; agus an Deisceart.
Do thoghchán 2019, maidir leis na 13 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn, dhearbhaigh an tOireachtas go ndéanfaí an Stát a roinnt idir na toghlaigh sin mar a leanas:
Toghlach ceithre shuíochán do Bhaile Átha Cliath ina gcuimsítear na contaetha seo a leanas: Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas; agus cathair Bhaile Átha Cliath.
Toghlach ceithre shuíochán do Lár Tíre agus don Iarthuaisceart ina gcuimsítear na contaetha seo a leanas: an Cabhán, Cill Dara, Dún na nGall, Gaillimh, an Iarmhí, Liatroim, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Ros Comáin, agus Sligeach; agus cathair na Gaillimhe.
Toghlach cúig shuíochán ina gcuimsítear na contaetha seo a leanas: Ceatharlach, Ciarraí, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, an Clár, Corcaigh, Laois, Loch Garman, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí; cathracha agus contaetha Luimnigh agus Phort Láirge; agus cathair Chorcaí.
In Éirinn, úsáidtear cineál d'ionadaíocht chionmhar ar a dtugtar córas an aonvóta inaistrithe, nó PR-STV. Ciallaíonn sé sin go ndéanann vótálaithe na hiarrthóirí a rangú, a oiread agus is mian leo, in ord a rogha. Uimhrítear na hiarrthóirí 1, 2, 3, agus araile.
Le bheith tofa, ní mór líon íosta vótaí a bheith ag iarrthóir, ar a dtugtar an cuóta. Má sháraíonn na vótaí a fhaigheann aon iarrthóir an cuóta, meastar iad a bheith tofa láithreach.
Na vótaí breise uile a fhaigheann iarrthóir tofa (is é sin, an difríocht idir vóta an iarrthóra agus an cuóta), aistrítear ansin iad chuig iarrthóirí eile de réir na roghanna eile a bhí ag an vótálaí.
Ansin, déantar na vótaí a athchomhaireamh agus aon iarrthóirí eile a sáraíonn a vótaí an cuóta, meastar iad a bheith tofa. Na hiarrthóirí ag a bhfuil an líon is lú vótaí, cuirtear as an áireamh iad agus a aistrítear a gcuid vótaí chuig dara rogha na vótálaithe. Leantar d’aistriú na vótaí agus de na hiarrthóirí a chur as an áireamh go dtí go líontar na suíocháin ar fad.
Ní mór d'iarrthóirí clárú faoin 15 Aibreán agus beidh an liosta oifigiúil iarrthóirí ar fáil tamall gairid ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, tá liosta neamhoifigiúil, atá bunaithe ar thuairiscí na meán cumarsáide, le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.
Beidh ar a laghad ceann amháin de na háiseanna a leanas ar fáil duit má tá galar nó míchumas fisiciúil, míchumas amhairc, nó míchumas leitheoireachta nó scríobh ort:
Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar: Na háiseanna do vótálaithe le míchumais
Conas is féidir liom vótáil i dtíortha eile?
Tá an fhaisnéis de réir tíre ar fáili mBéarla agus i dteanga/teangacha na tíre a roghnaíodh