Déantar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh ar feadh tréimhse cúig bliana. Tá a rialacha toghcháin féin ag gach tír ach tá roinnt forálacha coiteanna i bhfeidhm.
Déantar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh ar feadh tréimhse cúig bliana.
Is í an t-aon chomhthionól trasnáisiúnta ar domhan í a thoghtar go díreach, déanann sí ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh AE ag an leibhéal Eorpach.
Déanann sí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh, ceapann sí a Coimisinéirí (mar choláiste) agus tógann sí chun cuntais iad. Ritheann sí dlíthe ar mhaithe lenár gcosaint agus déanann sí cáinaisnéis thar ár gceann. Déanann sí ionadaíocht dúinn thar lear agus gníomhaíonn sí de réir ár n-achainíocha.
Bíonn tionchar ag dioscúrsa a cuid Feisirí ar ár gclár oibre polaitiúil agus sóisialta a dhearbhaíonn luachanna Chonradh an Aontais Eorpaigh:
Cé go dtoghtar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa de réir tíre, suíonn siad i ngrúpaí polaitiúla bunaithe ar ardán agus ar chéannacht roinnte, lenar féidir le Feisirí aonair tionchar níos mó a imirt.
De réir na rialacha parlaiminteacha ní mór go mbeadh 25 Fheisire ar a laghad i ngach grúpa agus go ndéanfadh sé ionadaíocht ar an gceathrú cuid, ar a laghad, de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Dearbhaíonn páirtithe polaitiúla sna Ballstáit a ndílseacht do ghrúpa atá ann cheana, nó go bhfuil sé ar intinn acu grúpa nua a bhunú nó a bheith páirteach i gceann nua, ag tús an toghcháin agus is minic a dhéanann siad feachtasaíocht áirithe ar a laghad le chéile.
Tá ocht ngrúpa pholaitiúla sa Pharlaimint reatha.
Ó 2014, tá spreagadh á thabhairt do pháirtithe polaitiúla teacht ar chomhaontú maidir le príomhiarrathóir nó ‘spitzenkandidat’ chun a bhfeachtas toghcháin ar fud AE a threorú agus chun bheith ina iarrthóir oifigiúil d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh.
Toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina Uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Parlaiminte.
Beidh torthaí an toghcháin á dtuairisciú beo (ar an suíomh gréasáin seo) de réir mar a fhógrófar iad ar Dhomhnach an 26 Bealtaine 2019.
Sna laethanta díreach i ndiaidh na dtorthaí, téann Feisirí na Parlaiminte nua i mbun grúpaí polaitiúla a bhunú.
Tá seans ann gur gá dílseachtaí nua a bhunú mar gheall ar chomhdhéanamh nua polaitiúil na Parlaiminte agus d’fhéadfadh go dtiocfadh grúpaí nua chun cinn.
Ag a céad suí iomlánach, toghfaidh an Pharlaimint nua Uachtarán nua de Pharlaimint na hEorpa.
Toghfaidh an Pharlaimint nua Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh ansin agus déanfaidh sí an Coimisiún iomlán a scrúdú agus a fhormheas ina dhiaidh sin.